Tá cinneadh déanta ag Coiste Fhéile Mhic Dara, féile na bliana seo a chuir ar ceall de bharr cúrsaí sláinte & sábháilteacht an phobail. Ní raibh an cinneadh seo éasca agus tá aiféala orainn nach mbeidh muid ag ceiliúradh an traidisiún mar a bhíodh.
Le cúnamh Dé beidh muid i dteannta a chéile ar Oileáin Mhic Dara an bhliain seo chugainn. 

Tá an-ríméad orainn an taighde breá atá déanta ag Pádraig Ó Sabhain a roinnt libh, ina ndírítear ar an ról lárnach a bhí ag na Húicéirí ar na pobail bheaga aonaracha in iar-dheisceart Chonamara.
Is féidir an taighde seo a léamh arlíne nó a íoslódáil ina PDF, ach an nasc ar an gcolún ar dheis a leannacht. Comhgháirdeachas le Pádraig, agus ár mbuíochas leat as an obair thábhachtach seo a roinnt linn ina léirítear an t-oidhreacht chultúrtha eisceachtúil atá i gConamara Theas.



 

Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an phobail, tá cinneadh déanta ag Coiste Cruillte na mBád nach mbeidh Regatta / Féile na bliana seo ag dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe.

I bhfianaise na cúinsí atá ann faoi láthair maidir le Covid-19, mar gheall ar an éiginnteacht maidir le cá bhféadfaimis a bheith i lár mhí Lúnasa, chinn an Coiste go mbeadh sé mífhreagrach sluaite móra a thabhairt chuig an sráidbhaile ag cur athbheochan nó leathadh an víris i mbaol, in ainneoin meastar go bhfuil riosca íseal ag seoltóireacht.

Bhí 2020 le bheith mar an 41ú Cruillte na mBád againn agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a thug tacaíocht dúinn ón gcéad Cruicéad i 1979, go háirithe úinéirí, criúnna agus urraitheoirí na mBád as a ndílseacht don Fhéile.

Táimid ag tnúth le Cruillte 2021

Michael Brogan - Cathaoirleach



 

Is mór an chailteanas agus an ghoiliúint dhúinn go bhfuil Peadar Bailey imithe ar shlí na fírinne. Ceann de na fir uaisle sin ab ea Peadar nach raibh urchóid ann ná droch-rud le rá aige faoi dhuine ar bith. Athair íontach dhá bheirt ghasúr, fear-céile álainn dhá mhian-croí, agus mac dílis dhá mhama a chonaic mise i bPeadar, agus ní dhéanaim aon áibhéal ansin.
Aireoidh muide freisin, a chuid cáirde agus leathbhádóirí, go mór uainn Peadar, ní díreach ar an bhfarrraige, ach ar an gcéibh, ag cruinnithe Chumann Húicéirí, agus na chatanna breátha a ghiorródh an bóthar dhó is é i mbun a chuid oibre ag tiomáint leoraí.
Tá an stoirm caite, calm tagtha, agus an domhan seo socair inniú.