Tá an-ríméad orainn a fhógairt go bhfuil obair mhór déanta ar cheithre Húicéara agus iad curtha i bhfarraige le gairid.
Déanadh ceiliúradh ar an leathbhád, an "Colmcille" ar an 6ú Aibreán i Ros Muc.
Théis go leor obair chúramach, bhain an ghleoiteoig, an "Lovely Anne", a céad blas den tsáile le fada ar an 19ú Aibreán i mBáisín an Chladaigh.
Cúpla lá ó shoin, bhí gleoiteoig bheag eile curtha chun farraige i Ros Muc, "An Chaiteagh Beag' ar an 11ú Bealtaine.
Tá "Ceol na Mara" déanta suas as a nua ag Joe Reaney do chlann Uí Dhonnacha as an gCeathrú Rua agus í le beannú ar an 18ú Bealtaine i gCaladh Thaidhg.
Tá moladh mór ag dul do Máirtin Ó Droighneáin, Aodán Mac Donnacha, Oliver Ó Conaire agus Bádóirí an Cladaigh don obair agus an tiomántas chun na sean-Húicéirí seo a bheith i mbarr a maitheasa arís.
Is maith an aghaidh na daoine breátha seo chun bolscaireacht a dhéanamh ar phobal Húicéirí na Gaillimhe agus na h-árthaí álainne seo.