Cumann Húicéirí na Gaillimhe

Cumainn

Bunaíodh Cumann Húicéirí na Gaillimhe i 1978 agus í mar aidhm aige athchóiriú agus caomhnú an bháid ar a dtugtar Húicéir na Gaillimhe (agus na cineálacha éagsúla - gleoiteog, púcán, leathbhád agus bád mór - san áireamh), a chur chun cinn. Chomh maith leis sin thug sé deis chumarsáide do dhaoine a raibh an suim chéanna acu sna báid. Sa chéad nuachtlitir bhliantúil (1980) leagadh síos aidhmeanna an chumainn go sonrach, mar seo a leanas:

  • suim a mhúscailt sna húicéirí, sna púcáin agus sna gleoteoga
  • maoirseacht a dhéanamh ar rásaíocht
  • caomhnú a dhéanamh ar na báid atá ann agus athbheochan a dhéanamh ar na haicmí éagsúla
  • sainmhíniú a thabhairt ar gach ceann de na trí aicmí
  • imeachtaí eile, a chuirfeadh na haidhmeanna seo chun cinn, a spreagadh

Dream eile a dhéanann obair mhór ar son na húicéirí is ea Bádóirí an Chladaigh agus é d’aidhm acu, mar a deir siad féin: “to teach young people how to restore the boats, how to sail them and, on the way, instil within Irish youth the importance of their own history and tradition, and its relevance in the modern world… young people from all backgrounds are brought into contact with the traditional sailing craft and the skills required to build, maintain and save them.”